Languages

-A +A

Príobháideacht

Príobháideacht

Bailiú agus úsáid faisnéise pearsanta

Seachas custaiméirí a chlárú, ní bhailítear sonraí pearsanta ar bith fút sa suíomh Gréasáin seo. Caithfear le faisnéis ar bith a thugann tú agus cuairt á tabhairt agat ar an suíomh Gréasáin seo (mar shampla trí chlárú ar sheirbhísí leictreonacha amhail fógraí ríomhphoist) leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, go docht faoi réir an Achta um Chosaint Sonraí, 1988, arna leasú leis an Acht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003. Ní úsáideann Foras na Mara agus an Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara faisnéis ar bith a chuireann tú ar fáil ach de réir an chuspóra dár chuir tú ar fáil é agus mar atá rialaithe ag Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí.
D’fhéadfaí naisc a chur ar fáil sa suíomh Gréasáin seo le suíomhanna gréasáin tríú páirtí eile amhail seirbhísí um chlárú imeachtaí ina mbailítear faisnéis uaitse. Sa chás go gcuirtear naisc dá leithéidí ar fáil, cuirfear fógra chugat go dtugann an nasc chuig suíomh tríú páirtí thú.
 

Fianáin

Trí leanúint leis an Suíomh seo a úsáid aontaíonn tú le húsáid na bhfianán de réir an bheartais um fhianáin atá leagtha amach thíos.

Cad is fianán ann?

Is píosaí beaga faisnéise iad fianáin, atá stóráilte i gcomhaid téacs shimplí, a chuireann suíomh gréasáin ar do ríomhaire. Is féidir leis an suíomh gréasáin na fianáin a léamh ar do chuid cuairteanna ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh an fhaisnéis a stóráiltear i bhfianán a bheith bainteach le do nósanna brabhsála ar an leathanach gréasáin, nó uimhir aitheantais uathúil ionas gur féidir leis an suíomh gréasáin “cuimhne a choinneáil” ar do chuairt ar ais. Den chuid is mó, ní bhíonn faisnéis phearsanta ar bith i bhfianáin óna bhféadfaí tú a aithint, murar chuir tú faisnéis dá leithéid ar fáil don suíomh gréasáin.

Cén dóigh a n-úsáideann an Suíomh Gréasáin um Shaibhreas ár nAigéin fianáin?

Úsáideann an Suíomh Gréasáin um Shaibhreas ár nAigéin fianáin chun faisnéis a bhailiú faoi úsáid cuairteoirí ar an Suíomh, lena n-áirítear faisnéis amhail luas an naisc, sonraí faoin gcóras oibriúcháin, am agus fad na gcuairteanna agus seoltaí IP. Cuidíonn an fhaisnéis a bhailíonn na fianáin linn le húsáid an tSuímh a thuiscint, lena n-áirítear sainroghanna teanga, leabharmharcanna, líon na gcuairteoirí, na leathanaigh ar breathnaíodh orthu in aghaidh an tseisiúin, an t-am a caitheamh ar leathanaigh faoi leith srl. Cuidíonn sé sin le heispéireas níos fearr a chur ar fáil do chuairteoirí dá réir sin. Ní thabharfaimid iarraidh cuairteoirí a aithint go pearsanta óna seoltaí IP.

Úsáidtear trí chineál fianáin mar a leanas:

  • Sainrogha Theanga: Úsáidimid fianáin chun do shainrogha theanga a stóráil nuair a úsáideann tú an sain-nasc teanga ar an Suíomh.
  • Leabharmharcanna: Úsáidimid fianáin chun leabharmharcanna Mo Nasc a stóráil
  • Anailísíocht: Úsáideann Google Analytics fianáin 1ú páirtí chun tuairisciú gan ainm agus san iomlán a dhéanamh ar chuairteanna ar ár Suíomh. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Google Analytics chun tuilleadh faisnéise a fháil ar An Dóigh a nÚsáideann Google Analytics Fianáin. Is féidir le cuairteoirí an chuid is mó den Suíomh seo a úsáid gan feidhmiúlacht ar bith a chailleadh má dhéantar na fianáin a dhíchumasú ón mbrabhsálaí gréasáin.

Fianáin a chasadh as

Le formhór na mbrabhsálaithe nua-aimseartha is féidir leat do shocruithe fianán a chasadh as nó a athrú. Faightear na socruithe sin de ghnáth ar an roghchlár ‘roghanna’ nó ‘sainroghanna’ ar do bhrabhsálaí. D’fhonn na socruithe sin a thuiscint, d’fhéadfadh na naisc seo a leanas a bheith úsáideach, sin nó ba cheart duit an rogha ‘Cuidigh’ i do bhrabhsálaí a úsáid le haghaidh tuilleadh sonraí a fháil.
Socruithe fianán in Internet Explorer
Socruithe fianán in Firefox
Socruithe fianán in Google Chrome