Saibhreas ár nAigéin
Nuair a chuirtear achar ár ngrinnill farraige san áireamh, tá Éire ar cheann de na stáit is mó san Aontas Eorpach (AE); agus cearta ceannasacha nó eisiacha aici ar cheann de na cóimheasa is mó idir farraige agus talamh (os cionn 10:1) de chuid aon Stáit san AE.
Tá ár n-aigéan ina shócmhainn náisiúnta, agus é ag tacú le geilleagar éagsúil muirí a bhfuil cumas ollmhór aige leas a bhaint as an margadh domhanda muirí le haghaidhna nithe seo a leanas:
- bia mara,
- turasóireacht,
- fuinneamh, agus
- feidhmeanna nua ó thaobh sláinte, leighis agus teicneolaíochta de.
I gcomhthreo leis sin, tugann ár n-acmhainn mhuirí leasanna neamhthráchtála dúinn, mar shampla, taitneamhacht, bithéagsúlacht agus ár n-aeráid chineálta.
Mar sin, tá Feidhm a Bhaint as Saibhreas Ár nAigéin - Plean Comhtháite Muirí d’Éirinn forbartha ag an nGrúpa Idir-Rannach Comhordaithe Muirí thar ceann an Rialtais.
Bhí an Feidhm a Bhaint as Saibhreas ár nAigéin bunaithe ar an bpróiseas comhairliúcháin ar tugadh faoi sa bhliain 2012 ‘Saibhreas ár nAigéin: Do Thuairimí a Lorg: Bealaí Nua; Cur Chuige Nua; Smaointeoireacht Nua’.
Feidhm a Bhaint as Saibhreas ár nAigéin - Plean Comhtháite Muirí d’Éirinn
Leagtar amach sa doiciméad Feidhm a Bhaint as Saibhreas ár nAigéin an Fhís agus na Spriocanna Ardleibhéil atá ag an Rialtas. Freisin, leagtar amach na Príomhghníomhartha Cumasúcháin a dhéanfaidh sé chun beartas, rialachas agus timpeallacht gnó is iomchuí a chur i bhfeidhm ionas go mbeimid in ann ár n-acmhainn mhuirí a bhaint amach.